Eoin 14:6-14 ABN

6Dúirt Íosa leis: “Is mise an tslí, an fhírinne agus an bheatha. Ní thagann aon duine go dtí an tAthair ach tríomsa. 7Dá mbeadh aithne agaibh ormsa, d’aithneodh sibh m’Athair chomh maith. Tá aithne agaibh air feasta, agus tá radharc faighte agaibh air.”

8Dúirt Pilib leis: “A Thiarna, taispeáin dúinn an tAthair agus is leor dúinn sin.” 9Dúirt Íosa leis: “An bhfuilim an fad sin aimsire, a Philib, in bhur measc agus gan aithne agat orm? An té a chonaic mise, chonaic sé an tAthair. Conas, mar sin, a deir tú: ‘Taispeáin dúinn an tAthair’? 10Nach gcreideann tú go bhfuilimse san Athair agus an tAthair ionamsa? Na briathra a labhraímse libh, ní uaim féin a labhraím iad, ach an tAthair atá ina chónaí ionamsa, eisean a dhéanann na hoibreacha. 11Creidigí uaimse é go bhfuilimse san Athair agus an tAthair ionamsa.Nó murab é sin, creidigí mar gheall ar na hoibreacha féin. 12Amen, Amen, a deirim libh, an té a chreideann ionamsa, na hoibreacha a dhéanaimse, déanfaidh seisean iad chomh maith, agus déanfaidh sé oibreacha is mó ná iad; mar táimse ag dul chun an Athar. 13Cibé ní a iarrfaidh sibh i m’ainm déanfaidh mé é, i dtreo go dtabharfaí glóir don Athair tríd an Mac. 14Má iarrann sibh aon ní orm i m’ainm, déanfaidh mé é.


Machnamh on Eoin 14:6-14 ABN

Inspioráid - 2025-05-03 Paidir Laethúil

Is ar chumas Dia amháin atá sé Dia a nochtadh dúinn, agus rinne sé é seo trí≥na mhac Íosa a chur chugainn mar dhuine. Níl Íosa inár measc go corpartha níos mó, ach tá Sé fós linn i Spiorad. Is féidir linn é a fheiceáil trí shúile an chreidimh agus buailimid leis tríd an urnaí. Tá fáil níos mó ag gach duine againn air anois ná mar a bhí nuair a shiúl Sé inár measc. Trínar creideamh a thagann sé seo uile chugainn. Guímis ar son creideamh níos doimhne.