Eoin 14:7-14 ABN

7Dá mbeadh aithne agaibh ormsa, d’aithneodh sibh m’Athair chomh maith. Tá aithne agaibh air feasta, agus tá radharc faighte agaibh air.”

8Dúirt Pilib leis: “A Thiarna, taispeáin dúinn an tAthair agus is leor dúinn sin.” 9Dúirt Íosa leis: “An bhfuilim an fad sin aimsire, a Philib, in bhur measc agus gan aithne agat orm? An té a chonaic mise, chonaic sé an tAthair. Conas, mar sin, a deir tú: ‘Taispeáin dúinn an tAthair’? 10Nach gcreideann tú go bhfuilimse san Athair agus an tAthair ionamsa? Na briathra a labhraímse libh, ní uaim féin a labhraím iad, ach an tAthair atá ina chónaí ionamsa, eisean a dhéanann na hoibreacha. 11Creidigí uaimse é go bhfuilimse san Athair agus an tAthair ionamsa, nó murab é sin, creidigí mar gheall ar na hoibreacha féin. 12Amen, Amen, a deirim libh, an té a chreideann ionamsa, na hoibreacha a dhéanaimse, déanfaidh seisean iad chomh maith, agus déanfaidh sé oibreacha is mó ná iad; mar táimse ag dul chun an Athar. 13Cibé ní a iarrfaidh sibh i m’ainm déanfaidh mé é, i dtreo go dtabharfaí glóir don Athair tríd an Mac. 14Má iarrann sibh aon ní orm i m’ainm, déanfaidh mé é.