Eoin 16:12-15 ABN
12“Tá mórán eile le rá agam libh, ach ní fhéadann sibh iad a fhulaingt anois; 13ach nuair a thiocfaidh sé siúd, Spiorad na Fírinne, déanfaidh sé eolas daoibh chun an uile fhírinne. Óir ní as féin a labhróidh; labhróidh sé na nithe a chuala sé, agus inseoidh sé daoibh na nithe atá le teacht. 14Tabharfaidh sé glóir domsa, óir is de mo chuidse a ghlacfaidh agus a inseoidh sé daoibh. 15An uile ní dá bhfuil ag m’Athair, is liomsa é. Uime sin a dúirt mé: ‘Is de mo chuidse a ghlacfaidh agus a inseoidh sé daoibh.’
“Copyright © 2021 National Council of Churches of Christ in the United States of America. Used by permission. All rights reserved worldwide.”