Eoin 16:5-11 ABN
5“Táim ag imeacht anois, go dtí an té a chuir uaidh mé, agus ní fhiafraíonn aon duine agaibh díom, ‘Cá bhfuil tú ag dul? 6Ach de bhrí gur dhúirt mé an méid sin libh, líon bhur gcroí de bhrón.7Insím an fhírinne daoibh, áfach: is é bhur leas mise a imeacht, mar mura n‑imeoidh mé, ní thiocfaidh an tAbhcóide chugaibh; ach má imím, cuirfidh mé chugaibh é. 8Agus nuair a thiocfaidh sé, áiteoidh sé ar an saol go bhfuil an éagóir aige i dtaobh an pheaca, agus i dtaobh an chirt, agus i dtaobh an bhreithiúnais. 9I dtaobh an pheaca, de bhrí nár chreid siad ionam; 10i dtaobh an chirt, de bhrí go bhfuilim ag triall ar an Athair; 11i dtaobh an bhreithiúnais, de bhrí go bhfuíl daorbhreith tugtha cheana féin ar phrionsa an tsaoil seo.
“Copyright © 2021 National Council of Churches of Christ in the United States of America. Used by permission. All rights reserved worldwide.”