Eoin 19:25-27 ABN

25 Rinne na saighdiúirí an méid sin.

Bhí ina seasamh le hais chros Íosa, a mháthair, agus deirfiúr a mháthar, Máire Chlópas, agus Máire Mhaigdiléana.

26 Nuair a chonaic Íosa a mháthair agus an deisceabal a ghráigh sé ina sheasamh lena hais, dúirt sé lena mháthair: “A bhean, sin é do mhac.” 27 Ansin dúirt sé leis an deisceabal: “Sin í do mháthair.” Agus ón uair sin amach ghlac an deisceabal isteach ina bhaile féin í.


Machnamh on Eoin 19:25-27 ABN

Inspioráid - 2025-09-15 Paidir Laethúil

Fiú i bpéin ar an gcrois, tá Íosa aireach ar dhaoine eile. Chomh maith lena bhronnadh féin orainn, is cinnte gurb í a Mháthair féin an bronntanas is mó a thug sé. Ghlac Muire le mian deiridh a mic agus ghlac sí lena ról nua. Agus na haspail ag teacht le chéile sa Seomra Uachtarach tar éis an Deascabhála, chuaigh sí leo agus iad ag guí. Seo í an Eaglais nuabheirthe, agus is í Muire Máthair na hEaglaise. Guímid go mbeidh níos mó dílseachta againn di.

Is í Muire fíor-mhúnla an deisceabail fhoirfe. Le misneach agus grá neamhghnách, tá sí ann ag bun na croise agus a Mac ag tabhairt a bheatha ar ár son. Ar neamh, leanann sí ag idirghuí ar ár son lena Mac.