Eoin 20:24-29 ABN
24 Tomas, duine den dareag ar a dtugtai an Leathchupla, ), ní raibh sé leo nuair a tháinig Íosa. 25 Dúirt na deisceabail eile leis, “Chonaiceamar an Tiarna.” Ach dúirt seisean leo, “Mura bhfeicfidh me rian na dtairní ina lámha agus mura gcuirfidh me mo mhéar i rian na dtairní agus mo lámh ina chliathan, ní chreidfidh mé.”
26 Oct la ina dhiaidh sin bhí a dheisceabail istigh arís, agus Tomás in eineacht leo. Tháinig Íosa agus na doirse faoi ghlas, sheas sé ina measc agus dúirt: “Síocháin daoibh.” 27 Ansin dúirt sé le Tomás, “Tabhair i leith do mhéar agus féach ar mo dhearnana, sín amach do lámh agus cuir i mo chliathan í, agus ná bí dichreidmheach ach creidmheach.” 28 D’fhreagair Tomás, “Mo Thiarna agus mo Dhia!” 29 Dúirt Íosa leis, “De bhri to bhfaca tú mé, chreid tú. Is meanar doibh seo nach bhfaca agus a chreid.”
“Copyright © 2021 National Council of Churches of Christ in the United States of America. Used by permission. All rights reserved worldwide.”
Machnamh on Eoin 20:24-29 ABN
Inspioráid - 2026-07-03 Paidir Laethúil
Is féidir leat a shamhlú cé chomh croíbhriste is a bhí Tomás nuair a chuala sé ó na daoine eile go raibh Íosa le feiceáil arís ina saolta. Smaoinigh ar feadh nóiméid ar an gcaoi a mbraithfeá ina áit. Tá do dhóchas agus do bhrionglóidí go léir imithe as radharc. I d’intinn, tá siad stróicthe uait… agus anois tuigeann tú go raibh gach sórt scleondair ag tarlú agus tú as láthair.