Eoin 21:15-19 ABN
15Nuair a bhí bia caite acu dúirt Íosa le Síomón Peadar: “A Shíomóin mhic Eoin, an mó do chion-sa orm ná a gcion seo?” “Sea, a Thiarna,” ar seisean leis, “is eol duit go bhfuil grá agam duit.” Dúirt Íosa leis: “Déan m’uain a chothú.” 16Dúirt sé leis an dara huair: “A Shíomóin mhic Eoin, an bhfuil cion agat orm?” “Tá, a Thiarna,” ar seisean leis, “tá a fhios agat go bhfuil grá agam duit.” Dúirt sé leis: “Déan mo chaoirigh a aoireacht.” 17Dúirt sé leis an tríú huair: “A Shíomóin mhic Eoin, an bhfuil grá agat dom?” Tháinig buairt ar Pheadar mar go ndúirt sé leis an tríú huair: “An bhfuil grá agat dom?” Agus dúirt sé leis: “A Thiarna, tá fios gach ní agat. Tá a fhios agat go bhfuil grá agam duit.” Dúirt Íosa leis: “Déan mo chaoirigh a chothú.” 18“Amen, Amen, a deirim leat. Nuair a bhí tú níos óige, chuirteá féin do chrios umat, agus shiúltá san áit ba thoil leat; ach nuair a thiocfaidh an aois ort, sínfidh tú amach do lámha, agus cuirfidh duine eile do chrios umat, agus seolfaidh sé thú san áit nach toil leat.” 19Dúirt sé an méid sin lena chur in iúl cad é an sort báis lena dtabharfadh sé glóir do Dhia. Agus nuair a bhí an méid sin ráite aige dúirt sé: “Lean mise.”
“Copyright © 2021 National Council of Churches of Christ in the United States of America. Used by permission. All rights reserved worldwide.”