Eoin 2:13-22 ABN

13 Bhí Cáisc na nGiúdach in achmaireacht agus chuaigh Íosa suas go Iarúsailéim dá bhrí sin.. 14 Fuair sé sa sanctóir lucht ba agus caoirigh agus colmáin a dhíol, agus lucht airgead a mhalartú ina suí ann. 15 Agus rinne sé sciúirse de théada agus thiomáin sé iad go léir amach as an sanctóir, na caoirigh agus na ba chomh maith; scaip sé airgead an lucht mhalartaithe agus leag sé na boird, 16 agus dúirt sé le lucht na gcolmán a dhíol: “Beirigí na nithe sin as seo agus ná déanaigí teach margaidh de theach mʼAthar.” 17 Chuimhnigh a dheisceabail go bhfuil sé scríofa: “Déanfaidh díograis do thí mé a ith 18 Dʼfhreagair na Giúdaigh ansin: “Cén comhartha,” ar siad leis, “atá á thaispeáint agat dúinn mar bhonn lena bhfuil á dhéanamh agat?” 19 Dʼfhreagair Íosa: “Leagaigí an teampall seo,” ar sé leo, “agus i dtrí lá tógfaidh mé suas arís é.” 20 Dúirt na Giúdaigh á fhreagairt: “Sé bliana agus daichead atá an Teampall seo á thógáil, agus an dtógfaidh tusa é i dtrí lá?” 21 Ach ar theampall a choirp féin a bhí seisean ag labhairt. 22 Nuair a dʼaiséirigh sé ó mhairbh, dá bhrí sin, chuimhnigh a dheisceabail go ndúirt sé an chaint seo agus chreid siad sa scrioptúr agus sa chaint a dúirt Íosa.


Machnamh on Eoin 2:13-22 ABN

Inspioráid - 2025-11-09 Paidir Laethúil

Tá dhá chineál feirge ann. Ceann amháin is ea fearg fhíréanta nuair a bhíonn muid ag tabhairt aghaidh ar éagóir a fheicimid á dhéanamh ar dhaoine. An ceann eile is ea fearg dhíoltasach í atá ag iarraidh pionós a ghearradh orthu siúd a ghortaigh sinn, agus is féidir leis seo a bheith ina chúis gan grá a thabhairt do chách. Guímis go mbeidh tuiscint againn air seo.

Sa sliocht seo, tabhair faoi deara go n-úsáideann Íosa fuip cordaí chun díoltóirí ainmhithe agus lucht athraithe airgid a thiomáint amach, ach ní labhraíonn sé ach leis na díoltóirí colm nach bhfuil chomh saibhir sin agus deir sé leo iad a bhaint den áit.