Eoin 4:43-54 ABN
43Tar éis an dá lá d’fhág sé an áit sin agus d’imigh don Ghailíl. 44 Óir Íosa féin go deimhin a thug fianaise nach bhfaigheann fáidh onóir ina dhúiche féin. 45Ach ar theacht don Ghailíl dó dá bhrí sin ghlac muintir na Gailíle é de bhrí go bhfaca siad na nithe go léir a rinne sé in Iarúsailéim lá na féile mar chuaigh siad féin ar an bhféile chomh maith.
46Chuaigh sé arís dá réir sin go Cána na Gailíle mar a ndearna sé fíon den uisce. Bhí oifigeach ríoga ann a raibh a mhac tinn i gCafarnáum. 47Ar a chloisteáil dó go raibh Íosa tar éis teacht ó Iúdáia go dtí an Ghailíl, chuaigh an fear seo ag triall air agus d’iarr air teacht anuas agus a mhac a leigheas mar bhí sé le hucht báis. 48Dúirt Íosa leis: “Mura mbíonn comharthaí agus iontais le feiceáil agaibh ní chreidfidh sibh ar aon chor.” 49Dúirt an t-oifigeach ríoga leis: “Tar anuas, a dhuine uasail, sula bhfaighidh mo mhac beag bás.” 50Dúirt Íosa leis: “Imigh leat, tá do mhac beo.”Chreid an duine an focal a dúirt Íosa leis agus d’imigh. 51Ina bhóthar síos dó casadh a sheirbhísigh air agus d’inis siad dó go raibh a mhac beo. 52D’fhiafraigh sé díobh ansin cén uair a tháinig biseach air. Dúirt siad leis: “Ar an seachtú huair inné d’fhág an fiabhras é.” 53 Thuig an t-athair ansin gur ar an uair sin féin a dúirt Íosa leis: “Tá do mhac beo,” agus chreid sé féin agus a theaghlach ar fad. 54 Is í seo an dara míorúilt eile a rinne Íosa nuair a tháinig sé ó Iúdáia don Ghailíl.
“Copyright © 2021 National Council of Churches of Christ in the United States of America. Used by permission. All rights reserved worldwide.”
Machnamh on Eoin 4:43-54 ABN
Inspioráid - 2026-03-16 Paidir Laethúil
Inniu déanaimis machnamh ar chreidimh simplí iad siúd a thaining chuig Íosa ar tóir chomhairle nó leigheas miorúltach in am an ghátair. Uaireanta is deacair samhlú go bhfuil oiread creidimh agus a léiríonn siad ag na daoine seo. Sa chás seo, oifigeach de chuid an rí a thagann chuig Íosa, agus ní léiríonn sé amhras faoi cad atá beartaithe ag Íosa ná a chumas an bheart a chur i gcrích. A Thiarna, nuair a thagaim chughat go raibh an mhuinín chéanna agam.