Eoin 5:17-30 ABN
17Is é freagra a thug Íosa orthu: “Tá m’Athair ag obair anois, agus riamh, agus táimse ag obair chomh maith.” 18Ba mhóide sin mar ba mhian leis na Giúdaigh é chur chun báis, mar níorbh é amháin go mbíodh sé ag briseadh na sabóide ach ag tabhairt a athair féin ar Dhia, á chur féin ar aon chéim le Dia.
19Thug Íosa freagra:“Amen, Amen, a deirim libh,ní féidir don Mhac aon ní a dhéanamh uaidh féinmura bhfeiceann sé ní éigin á dhéanamh ag a Athair.Cibé nithe a dhéanann an tAthair, déanann an Mac iad ar an gcuma chéanna. 20Óir tá cion ag an Athair ar an Macagus taispeánann sé dó a ndéanann sé féin,agus taispeánfaidh sé dó oibreacha is mó ná iad seoi dtreo go mbeidh ionadh oraibhse. 21Óir faoi mar a thógann an tAthair na mairbhagus iad a dhéanamh beo,mar an gcéanna déanann an Mac beoan mhuintir is toil leis; 22mar ní thugann an tAthair breith ar aon duineach thug sé an uile bhreith dá Mhac, 23i dtreo go dtabharfadh cách onóir don Mhac,mar a thugann siad don Athair.An té nach dtugann onóir don Mhacní thugann sé onóir don Athair a chuir uaidh é. 24Amen, Amen, a deirim libh,an té a éisteann le mo bhriathar,agus a chreideann an té a chuir uaidh mé,tá an bheatha shíoraí aige;ní thagann sé chun breithiúnais,ach tá sé dulta ó bhás go beatha.
25“Amen, Amen, a deirim libh,tá an uair ag teacht—tá sí ann cheana—nuair a chluinfidh na mairbh glór Mhac Déagus iad seo a chluinfidh, mairfidh siad. 26Óir faoi mar atá beatha ag an Athair ann féin,thug sé don Mhac mar an gcéannabeatha a bheith ann féin aige, 28Ná déanaigí ionadh den mhéid sin,óir tá an uair ag teacht,a gcluinfidh a bhfuil sna tuamaíglór Mhac Dé,29 agus tiocfaidh siad amach—iad seo a rinne an mhaithchun aiséirí na beatha,agus iad seo a rinne an t-olcchun aiséirí an bhreithiúnais.
30 Ní féidir domsa aon ní a dhéanamh uaim féin.De réir mar a chluinim is ea a thugaim breithiúnasagus is cóir í mo bhreith,óir ní hí mo thoil féin a shantaímach toil an té a chuir uaidh mé.
“Copyright © 2021 National Council of Churches of Christ in the United States of America. Used by permission. All rights reserved worldwide.”
Machnamh on Eoin 5:17-30 ABN
Inspioráid - 2026-03-18 Paidir Laethúil
Táimid in éineacht le hEoin i soiscéal an lae inniu, agus is minic a chiallaíonn sé sin go bhfuilimid ar an ndomhain. Deir Íosa linn nach féidir leis aon ní a dhéanamh uaidh féin
mura bhfeiceann sé ní éigin á dhéanamh ag a Athair. Is é a mhisean i gcónaí a bheith gar dá Athair agus a thoil a dhéanamh, fiú nuair a d’fhéadfadh an toil sin a bheith beagáinín rúndiamhair dúinn. Uaireanta, bíonn sé deacair orainn muinín a chur i nDia, go háirithe nuair nach féidir linn a thuiscint cén fáth a gceadaíonn sé do rudaí míchompordacha tarlú dúinn. Iarraimid go dtreoróidh sampla Íosa den chaoi ar chuir sé muinín ina athair sinn le linn tréimhsí mearbhaill.