Eoin 6:30-35 ABN

30Dúirt siad leis: “Cén comhartha mar sin atá tú a dhéanamh ionas go bhfeicfimis é agus go gcreidfimis ionat? Cad atá tú a dhéanamh? 31“D’ith ár n‑aithreacha manna san fhásach faoi mar atá scríofa: ‘Thug sé arán ó neamh dóibh le hithe.’ ” 32Dúirt Íosa leo ansin: “Amen, Amen, a deirim libh, ní hé Maois a thug an t‑arán ó neamh daoibh, ach is é m’Athair a thugann an t‑arán ó neamh daoibh, an t‑arán fírinneach. 33Óir is é arán Dé an té a thagann anuas ó neamh agus a thugann beatha don domhan.” 34“A dhuine uasail,” ar siad ansin leis, “tabhair dúinn an t‑arán sin i gcónaí.”

35Dúirt Íosa leo: “Mise arán na beatha, an té a thagann chugamsa ní bheidh ocras air choíche, agus an té a chreideann ionamsa ní bheidh tart air choíche.