Eoin 6:44-51 ABN
44“Ní féidir d’aon duine teacht chugam, gan an tAthair a chuir uaidh mé á tharraingt, agus tógfaidh mise suas é an lá deireanach. 45Tá sé scríofa sna fáithe: ‘Beidh siad go léir á dteagasc ag Dia.’ An té a chluineann teagasc an Athar, agus a fhoghlaimíonn, tagann sé chugamsa. 46Ní hé go bhfaca aon duine an tAthair; ach an té atá tagtha ón Athair, chonaic seisean an tAthair. 47Amen, Amen, a deirim libh, an té a chreideann, tá an bheatha shíoraí aige. 48Mise arán na beatha. 49.D’ith bhur n‑aithreacha manna san fhásach agus fuair siad bás. 50Is é seo an t‑arán a thagann anuas ó neamh, i dtreo má itheann duine é nach bhfaighidh sé bás. 51”Is mise an t‑arán beo a tháinig anuas ó neamh. Má itheann duine an t‑arán seo mairfidh sé go deo, agus an t‑arán a thabharfaidh mé uaim is é m’fheoil é [a thabharfar] ar son bheatha an domhain.”
“Copyright © 2021 National Council of Churches of Christ in the United States of America. Used by permission. All rights reserved worldwide.”