Eoin 6:60-69 ABN

60 Ar gclos na cainte dá lán dá dheisceabail dúirt siad: “Is crua an chaint í seo, agus cé a d’fhéadfadh éisteacht léi?” 61Bhí a fhios ag Íosa ann féin go raibh a dheisceabail ag cnáimhseáil ina thaobh seo agus dúirt sé leo: “An bhfuil an méid seo ina cheap tuisle agaibh? 62Ach cad é má fheiceann sibh Mac an Duine ag dul suas mar a raibh sé cheana? 63Is é an spiorad a dhéanann beoú, ní dhéanann an fheoil aon tairbhe. Na focail atá ráite agam libh, is spiorad agus is beatha iad. 64Ach tá cuid agaibh nach gcreideann.” Óir bhí a fhios ag Íosa ó thús cérbh iad nár chreid agus cé a bhí ar tí é a bhrath. 65Lean sé air: “Uime sin is ea a dúirt mé libh nach féidir d’aon duine teacht chugam gan sin a bheith tugtha dó ag m’Athair.”

66Ansin tharraing a lán dá dheisceabail siar agus ní théidís timpeall lena chois a thuilleadh. 67Dúirt Íosa dá bhrí sin leis an dáréag: “Cad mar gheall oraibhse, an mian libhse freisin imeacht?” 68D’fhreagair Síomón Peadar é: “A Thiarna, cé chuige a rachamaid? Is agatsa atá briathra na beatha síoraí, 69agus chreideamar agus tá a fhios againn gur tusa Neach Naofa Dé.” ,