John 1:43-51 ABN

43Lá arna mhárach bheartaigh sé dul don Ghailíl agus fuair sé Pilib. Dúirt Íosa leis: “Lean mise.” 44 Ó Bhéatsáide, ó chathair Aindriais agus Pheadair, a ba ea Pilib. 45 Fuair Pilib Natanael agus dúirt sé leis: “An té úd ar ar scríobh Maois sa dlí agus ar ar scríobh na fáithe, fuaireamar é, Íosa mac Iósaef ó Nazarat.” 46 Dúirt Natanael: “As Nazarat? An féidir aon ní fónta a theacht as sin?” “Tar agus feic,” a dúirt Pilib leis. 47Chonaic Íosa Natanael ag teacht chuige agus dúirt ina thaobh: “Sin Iosraelach dáiríre nach bhfuil aon fheall ann.” 48“Cén chaoi a n‑aithníonn tú mé?” arsa Natanael leis. Dʼfhreagair Íosa: “Sular ghlaoigh Pilib ort,” ar sé leis, “agus tú faoin gcrann fígí, chonaic mé thú.” 49Dʼfhreagair Natanael é: “A raibí, is tú mac Dé, is tú rí Iosrael.” 50Dʼfhreagair Íosa: “De bhrí go ndúirt mé leat,” ar sé leis, “go bhfaca mé thú faoin gcrann fígí creideann tú. Feicfidh tú nithe is mó ná iad seo. 51Go deimhin féin, a deirim libh,” ar sé leis, go bhfeicfidh sibh na flaithis ar oscailt agus aingil Dé ag dul suas agus ag teacht anuas ar Mhac an Duine.”


Machnamh on John 1:43-51 ABN

Inspioráid - 2026-01-05 Paidir Laethúil

Tá tallann amháin ag Pilib a thugann áthas agus cothú spioradálta do mhórán. Is cosúil go raibh an bua aige go raibh sé in ann fanacht i measc na gcuairteoirí a tháinig ag lorg cuideachta Chríost ach a bhí níos cúthaile ná mar ba mhaith leo a bheith agus a raibh drogall orthu iad féin a chur in aithne don Tiarna nó cibé rud a bhí uathu a iarraidh ar Íosa. Má bhíonn sé deacair ormsa ar an gcaoi chéanna idirghuí a dhéanamh le Críost ar mo shon féin nó ar son daoine eile, b’fhéidir go nglacfadh Pilib an tasc atá chomh deacair sin domsa air féin.