Lúcás 10:1-12,17-20 ABN

1 Ina dhiaidh sin cheap an Tiarna seachtó a dó agus chuir sé roimhe iad ina mbeirt agus ina mbeirt go dtí gach cathair agus gach áit a raibh sé féin le teacht ann. 2 Dúirt sé leo, “Tá an fómhar fairsing, ach níl ann ach meitheal bheag. Dá bhrí sin, guígí Máistir an fhómhair go gcuirfeadh sé meitheal uaidh isteach ina fhómhar. 3 Imígí: féach, táim do bhur gcur uaim ar nós uan i measc faolchon. 4 Ná beirigí sparán libh, ná tiachóg, ná cuaráin, agus ná beannaígí d’aon duine ar an mbóthar. 5 Cibé teach a rachaidh sibh isteach ann, abraigí ar dtús: ‘Síocháin don teach seo,’ 6 agus má bhíonn mac síochána ann, fanfaidh bhur síocháin aige; ach mura mbíonn fillfidh sí oraibh féin. 7 Fanaigí sa teach sin, ag ithe agus ag ól na nithe a bhíonn acu; óir is fiú an fear oibre a thuarastal. Ná bígí ag aistriú ó theach go teach. 8 Agus cibé cathair a rachaidh sibh isteach inti agus go nglacfar sibh, ithigí na nithe a chuirfear os bhur gcomhair, 9 agus leigheasaigí na daoine tinne a bhíonn inti, agus abraigí leis na daoine: ‘Tá ríocht Dé in achmaireacht daoibh.’ , 10 Ach cibé cathair a rachaidh sibh isteach inti agus nach nglacfar sibh, téigí amach ar na sráideanna agus abraigí: 11 ‘Fiú amháin a leanann dár gcosa de dheannach bhur gcathrach, glanaimid dínn oraibh é; ach bíodh a fhios agaibh é seo, go bhfuil ríocht Dé in achmaireacht.’ , 12 Deirim libh, is saoire a bheidh ag Sodom an lá úd ná ag an gcathair sin.

17 Tháinig an dó seachtód ar ais agus áthas orthu, ag rá: “A Thiarna, tá na deamhain féin faoinár smacht i d’ainmse.” 18 Dúirt sé leo: “Bhí mé ag breathnú ar Shátan agus é ag titim ó fhlaithiúnas mar bheadh splanc. 19 Féach, tá cumas tugtha agam daoibh chun satailt ar nathracha nimhe agus ar scairpe agus ar gach neart den namhaid, agus ní dhéanfaidh rud ar bith dochar daoibh. 20 Ach, ná bígí ag déanamh áthais faoi na spioraid a bheith faoi bhur smacht, ach déanaigí áthas faoi bhur n‑ainmneacha a bheith scríofa sna flaithis.”