Lúcás 10:1-9 ABN

1 Ina dhiaidh sin cheap an Tiarna a dó seachtód eile agus chuir sé amach roimhe féin iad ina mbeirt agus ina mbeirt go dtí gach cathair agus gach áit a raibh sé féin le teacht ann. 2 Dúirt sé leo, “Tá an fómhar fairsing, ach níl ann ach meitheal bheag. Dá bhrí sin, guígí Máistir an fhómhair go gcuirfeadh sé meitheal uaidh isteach ina fhómhar. 3 Imígí: féach, táim do bhur gcur uaim ar nós uan i measc faolchon. 4 Ná beirigí sparán libh, ná tiachóg, ná cuaráin, agus ná beannaígí d’aon duine ar an mbóthar. 5 Cibé teach a rachaidh sibh isteach ann, abraigí ar dtús: ‘Síocháin don teach seo,’ 6 agus má bhíonn mac síochána ann, fanfaidh bhur síocháin aige; ach mura mbíonn fillfidh sí oraibh féin. 7 Fanaigí sa teach sin, ag ithe agus ag ól na nithe a bhíonn acu; óir is fiú an fear oibre a thuarastal. Ná bígí ag aistriú ó theach go teach. 8 Agus cibé cathair a rachaidh sibh isteach inti agus go nglacfar sibh, ithigí na nithe a chuirfear os bhur gcomhair, 9 agus leigheasaigí na daoine tinne a bhíonn inti, agus abraigí leis na daoine: ‘Tá ríocht Dé in achmaireacht daoibh.’ ,