Lúcás 10:13-16 ABN

13 “Is mairg duit, a Chorazáin! is mairg duitse, a Bhéatsáide! Óir, dá mba sa Tuír agus sa tSíodón a dhéanfaí na míorúiltí a rinneadh ionaibhse, is fadó a bheadh aithrí déanta acu, iad in éadach saic agus ina suí sa luaithreach. 14 Ach is saoire a bheidh ag an Tuír agus ag an tSíodón sa bhreithiúnas ná agaibhse. 15 Agus tusa, a Chafarnáum,

an ardófar chun flaithiúnais thú? Síos go hifreann a theilgfear thú!

16 An té a chluineann sibhse, cluineann sé mise, agus an té a dhiúltaíonn daoibh, diúltaíonn sé dom, agus an té a dhiúltaíonn dom, diúltaíonn sé don té a chuir uaidh mé.”


Machnamh on Lúcás 10:13-16 ABN

Inspioráid - 2025-10-03 Paidir Laethúil

Deir an Bíobla linn gurb é seo “uair na faille”. Tar éis an bháis, ní féidir linn sinn féin a athrú; ina ionad sin, ní mór gníomhú ar ár n-anamacha chun iad a athrú. Roghnóimis úsáid mhaith a bhaint as am ár saoirse.