Lúcás 10:17-24 ABN

17 Tháinig an dó seachtód ar ais agus áthas orthu, ag rá: “A Thiarna, tá na deamhain féin faoinár smacht i d’ainmse.” 18 Dúirt sé leo: “Bhí mé ag breathnú ar Shátan agus é ag titim ó fhlaithiúnas mar bheadh splanc. 19 Féach, tá cumas tugtha agam daoibh chun satailt ar nathracha nimhe agus ar scairpe agus ar gach neart den namhaid, agus ní dhéanfaidh rud ar bith dochar daoibh. 20 Ach, ná bígí ag déanamh áthais faoi na spioraid a bheith faoi bhur smacht, ach déanaigí áthas faoi bhur n‑ainmneacha a bheith scríofa sna flaithis.”

21 An uair sin féin rinne sé gairdeas sa Spiorad Naomh agus dúirt: “Beirim buíochas duit, a Athair, a Thiarna neimhe agus talún, de chionn mar cheil tú na nithe seo ar lucht eagna agus éirime agus mar a d’fhoilsigh tú do naíonáin iad. Sea, a Athair, óir is amhlaidh sin ba mhaith leat é . 22 Tá gach aon ní tugtha domsa ag m’Athair. Agus ní eol d’aon neach cé hé an Mac ach amháin don Athair, ná cé hé an tAthair ach amháin don Mhac agus don té ar toil leis an Mac a fhoilsiú dó.”

23 Agus, ag iompú chun a dheisceabal, dúirt sé leo ar leithligh: “Is méanar do na súile a fheiceann na nithe a fheiceann sibhse. 24 Óir deirim libh, b’áil le mórán fáithe agus ríthe na nithe a fheiceáil a fheiceann sibhse agus ní fhaca siad iad, agus na nithe a chloisteáil a chluineann sibhse agus níor chuala siad iad.”


Machnamh on Lúcás 10:17-24 ABN

Inspioráid - 2026-10-03 Paidir Laethúil

Díreach cosúil leis an seachtó luath-thacaitheoirí sin a cuireadh amach chun blaiseadh a thabhairt d’aon duine a dtiocfadh orthu ar an gcaoi a bhféadfaí an Ríocht a thabhairt chun beatha dóibh siúd timpeall orthu, mar sin roghnaíodh agus glaodh orainne freisin. Dúirt tú linn, a Thiarna, go mbeidh tú linn chun aon rud a éiríonn linn a bhaint amach a mhaisiú agus go gcuirfidh tú snas ar aon mhaith is féidir linn a thabhairt chun cinn.