Lúcás 10:21-24 ABN
21 An uair sin féin rinne sé gairdeas sa Spiorad Naomh agus dúirt: “Beirim buíochas duit, a Athair, a Thiarna neimhe agus talún, de chionn mar cheil tú na nithe seo ar lucht eagna agus éirime agus mar a d’fhoilsigh tú do naíonáin iad. Sea, a Athair, óir is amhlaidh sin ba mhaith leat é . 22 Tá gach aon ní tugtha domsa ag m’Athair. Agus ní eol d’aon neach cé hé an Mac ach amháin don Athair, ná cé hé an tAthair ach amháin don Mhac agus don té ar toil leis an Mac a fhoilsiú dó.”
23 Agus, ag iompú chun a dheisceabal, dúirt sé leo ar leithligh: “Is méanar do na súile a fheiceann na nithe a fheiceann sibhse. 24 Óir deirim libh, b’áil le mórán fáithe agus ríthe na nithe a fheiceáil a fheiceann sibhse agus ní fhaca siad iad, agus na nithe a chloisteáil a chluineann sibhse agus níor chuala siad iad.”
“Copyright © 2021 National Council of Churches of Christ in the United States of America. Used by permission. All rights reserved worldwide.”
Machnamh on Lúcás 10:21-24 ABN
Inspioráid - 2025-12-02 Paidir Laethúil
Is cosúil go raibh Íosa féin an-aireach ar láithreacht an Spioraid ina shaol. Deirtear linn go seoltar an Spiorad chugainn ag an cóineartú, ach an dtuigimid go bhfuil an Spiorad ag bronnadh léargais orainn?
An bhféadfainn cúpla nóiméad a ghlacadh agus iarraidh ar an Spiorad teacht i gcabhair orm, ag géarú mo chumas iarrachtaí an Spioraid agus an chaoi a mbíonn tionchar acu orm a thabhairt faoi deara?