Lúcás 10:38-42 ABN
38 Sa tslí dóibh, tháinig sé isteach i mbaile áirithe, agus chuir bean darbh ainm Marta fáilte roimhe chun a tí. 39 Bhí deirfiúr aici darbh ainm Muire, agus bhí sí seo ina suí ag cosa an Tiarna ag éisteacht lena bhriathar. 40 Marta féin, áfach, bhí a hintinn tógtha suas ag an iomad freastail. Stad sí os a chomhair amach agus dúirt: “A Thiarna, an ea nach cás leat gur fhág mo dheirfiúr an freastal fúmsa i m’aonar? Abair léi mar sin lámh chúnta a thabhairt dom.” 41 Dúirt an Tiarna léi á freagairt: “A Mharta, a Mharta, tá imní ort agus buaireamh mar gheall ar mhórán nithe. 42 Ach níl riachtanas ach le haon ní amháin. Óir is í an pháirt is fearr ba rogha le Máire, agus ní bhainfear í sin di.”
“Copyright © 2021 National Council of Churches of Christ in the United States of America. Used by permission. All rights reserved worldwide.”
Machnamh on Lúcás 10:38-42 ABN
Inspioráid - 2025-10-07 Paidir Laethúil
Tá bronntanas na saorthola againn uile, mar gan í, ní féidir linn grá a thabhairt. Fiú sna campaí príosúin Naitsíocha, ba é an t-aon rud nárbh fhéidir a bhaint dínn choíche. Ach bíonn iarmhairtí ag baint lenár roghanna agus ní mór dúinn maireachtáil leo. Roghnaigh Muire i mBéatáine, mar eiseamláir den mhachnamhach, suí ag cosa an Tiarna agus éisteacht leis.