Lúcás 10:38-42 ABN
38 Sa tslí dóibh, tháinig sé isteach i mbaile áirithe, agus chuir bean darbh ainm Marta fáilte roimhe chun a tí. 39 Bhí deirfiúr aici darbh ainm Muire, agus bhí sí seo ina suí ag cosa an Tiarna ag éisteacht lena bhriathar. 40 Marta féin, áfach, bhí a hintinn tógtha suas ag an iomad freastail. Stad sí os a chomhair amach agus dúirt: “A Thiarna, an ea nach cás leat gur fhág mo dheirfiúr an freastal fúmsa i m’aonar? Abair léi mar sin lámh chúnta a thabhairt dom.” 41 Dúirt an Tiarna léi á freagairt: “A Mharta, a Mharta, tá imní ort agus buaireamh mar gheall ar mhórán nithe. 42 Ach níl riachtanas ach le haon ní amháin. Óir is í an pháirt is fearr ba rogha le Máire, agus ní bhainfear í sin di.”
“Copyright © 2021 National Council of Churches of Christ in the United States of America. Used by permission. All rights reserved worldwide.”
Machnamh on Lúcás 10:38-42 ABN
Inspioráid - 2026-10-06 Paidir Laethúil
Is beag duine a deir go gcaitheann siad an iomarca ama ag guí nó go gcuireann siad cuid mhór dá sceideal i leith fóillíochta agus machnaimh. B’fhéidir go bhfaighidh tú amach go gcuirtear guí agus gníomh i gcoinne a chéile. Múin dom an chothromaíocht cheart a choinneáil ionas go mbeidh na torthaí is fearr ann.