Lucas 11:14-23 ABN

14Bhí deamhan á chaitheamh amach aige–deamhan balbh. Agus nuair a bhí an deamhan imithe amach, labhair an fear balbh, agus rinne na sluaite ionadh de. 15Ach dúirt cuid acu: “Is trí Bhéalzabúl, prionsa na ndeamhan, a chaitheann sé na deamhain amach.” 16Agus bhí cuid eile acu ag lorg comhartha ó na flaithis uaidh, á phromhadh. 17Ach ó bhí fios a smaointe aige dúirt sé leo: “Gach ríocht a bhíonn ar deighilt ina haghaidh féin, bánaítear í, agus titeann a cuid tithe ar mhuin a chéile. 18Agus má bhíonn Sátan freisin ar deighilt ina aghaidh féin, conas a sheasóidh a ríocht?–os á rá sibh gur trí Bhéalzabúl a chaithim amach na deamhain. 19Ach más trí Bhéalzabúl a chaithimse na deamhain amach, cé tríd go gcaitheann bhur gclann féin amach iad? Uime sin, is iad sin a thabharfaidh breith oraibh. 20Ach más trí mhéir Dé a chaithim amach na deamhain, dá réir sin tá ríocht Dé tagtha chugaibh. 21Nuair a bhíonn an fear láidir faoi arm is éide ag gardáil a chaisleáin, bíonn gach a bhfuil ina sheilbh sábhálta. 22Ach nuair a thagann fear is treise ná é ina aghaidh agus go mbuann air, baineann de a ghléas troda as a raibh a mhuinín, agus déanann a chreach a roinnt. 23An té nach bhfuil liom tá sé i mʼaghaidh, agus an té nach gcnuasaíonn liom, scaipeann.


Machnamh on Lucas 11:14-23 ABN

Inspioráid - 2026-03-12 Paidir Laethúil

Uaireanta cuirtear cuntais soiscéil i láthair dúinn faoi na himeachtaí a bhfaca Íosa gach lá. B’fhéidir go rachadh sé i bhfeidhm orainn inniu faoin mbochtán a raibh deamhan ann a thug daoine cineálta chuig Íosa. Ghlac daoine eile a bhí i láthair seasamh i bhfad níos mailísí, áfach. Nuair a bhronntar flaithiúlacht an Tiarna orainn, iarraimid an grásta chun úsáid a bhaint aisti.