Lúcás 11:15-26 ABN
15 Ach dúirt cuid acu, “Is trí Bhéalzebúl, prionsa na ndeamhan, a chaitheann sé na deamhain amach.” 16 Agus bhí cuid eile acu ag lorg comhartha ó na flaithis uaidh, á phromhadh. 17 Ach ó bhí fios a smaointe aige dúirt sé leo: “Gach ríocht a bhíonn ar deighilt ina haghaidh féin, bánaítear í, agus titeann a cuid tithe ar mhuin a chéile. 18 Agus má bhíonn Sátan freisin ar deighilt ina aghaidh féin, conas a sheasóidh a ríocht?—os á rá sibh gur trí Bhéalzabúl a chaithim amach na deamhain. 19 Ach más trí Bhéalzabúl a chaithimse na deamhain amach, cé tríd go gcaitheann bhur gclann féin amach iad? Uime sin, is iad sin a thabharfaidh breith oraibh. 20 Ach más trí mhéir Dé a chaithim amach na deamhain, dá réir sin tá ríocht Dé tagtha chugaibh. 21 Nuair a bhíonn an fear láidir faoi arm is éide ag gardáil a chaisleáin, bíonn gach a bhfuil ina sheilbh sábhálta. 22 Ach nuair a thagann fear is treise ná é ina aghaidh agus go mbuann air, baineann de a ghléas troda as a raibh a mhuinín, agus déanann a chreach a roinnt. 23 An té nach bhfuil liom tá sé i m’aghaidh, agus an té nach gcnuasaíonn liom, scaipeann.
24 “Nuair a bhíonn an spiorad míghlan imithe amach as an duine, gabhann sé trí áiteanna tíortha ag lorg faoisimh, agus nuair nach bhfaigheann, deir: ‘Fillfidh mé chun mo thí as a dtáinig mé amach.’ 25 Agus ar theacht dó, faigheann sé scuabtha, maisithe é. 26 Imíonn sé ansin agus tugann leis seacht spioraid eile is measa ná é féin; téann siad isteach agus glacann siad áras ann, agus is measa dála an duine sin ar deireadh ná ar dtús.”
“Copyright © 2021 National Council of Churches of Christ in the United States of America. Used by permission. All rights reserved worldwide.”
Machnamh on Lúcás 11:15-26 ABN
Inspioráid - 2025-10-10 Paidir Laethúil
Bíonn Sátan, an Mac Mallachtan , i gcónaí ag lorg áit chónaithe thaitneamhach. Moltar dúinn a bheith ar ár n-airdeall agus a cur chuige seiftiúil a aithint. Léimid sa phortús, ‘Ná tabhair a dheis don diabhal.’ Molann Iognáid dúinn an doras a dhúnadh ag an gcéad chomhartha dá chathú. Guímis ar son tuiscint.
Cuimhnigh nach bhfuil aon chumhacht ag Sátan i gcoinne na ndaoine atá ag iarraidh fíorshaol paidreoireachta a chaitheamh. Dúirt Íosa nach féidir le duine ar bith iad siúd a thug an tAthair dó fuadach as lámh an Athar (Eoin 10:29).