Lúcás 11:37-41 ABN

37 Agus é ag caint, thug Fairisíneach cuireadh dó teacht chun dinnéir leis, agus chuaigh sé isteaLe linn na cainte, thug Fairisíneach cuireadh dó chun a mheán lae ina theach. Chuaigh sé isteach agus lig faoi ag bord. 38 Ar a fheiceáil sin don Fhairisíneach, b’ionadh leis nach ndearna sé an t-ionladh ar dtús roimh an bproinn. 39 Ach dúirt an Tiarna leis: “Sea, is Fairisínigh sibh féin: glanann sibh an taobh amuigh den chupa agus den mhias, ach tá an taobh istigh díbh lán de shlad agus de mhallaitheacht. 40 A dhaoine gan chiall, nach é an Té a rinne an taobh amuigh a rinne an taobh istigh freisin? 41 Ach tugaigí uaibh ina dhéirc an ní atá agaibh, agus tá gach aon ní glan daoibh feasta.