Lúcás 11:42-46 ABN

42 “Ach is mairg daoibh, a Fhairisínigh, mar go n-íocann sibh deachúna ar an miontas agus ar an ruibh agus ar an uile ghlasra, agus go scaoileann sibh tharaibh an ceart agus grá do Dhia. Nithe iad seo nárbh fholáir a dhéanamh, gan iad siúd a fhágáil ar lár. 43 “Is mairg daoibhse, Fairisínigh, mar gur mór agaibh suí sa chéad áit sna sionagóga, agus cách a bheith ag beannú daoibh sna háiteanna poiblí. 44 “Is mairg daoibh, mar go bhfuil sibh ar nós na dtuamaí nach bhfeictear, go mbíonn daoine ag siúl os a gcionn gan fhios dóibh féin.”

45 Ach labhair duine de na dlíodoirí: “Ag caint mar sin duit, a Mháistir,” ar sé, “tugann tú easmailt dúinne freisin.” 46 Ach dúirt seisean: “Agus daoibhse freisin is mairg, dlíodoirí, mar go mbuaileann sibh ualaí do-iompair ar na daoine, ach barr aon mhéire ní chuirfidh sibh féin leis na hualaí céanna.


Machnamh on Lúcás 11:42-46 ABN

Inspioráid - 2026-10-14 Paidir Laethúil

Is féidir le ró-spleáchas ar an dlí sinn a fhágáil as alt go contúirteach agus muid ag iarraidh cinneadh a dhéanamh faoin mbealach is fearr chun ceartas coiteann a bhaint amach dóibh siúd atá mórthimpeall orainn. Sa lá atá inniu ann, is fiú iarracht a dhéanamh cothroime a bhaint amach do chách, ach teastaíonn do ghrásta uainn, a Thiarna, chun a chinntiú nach sáraíonn an ceart an chumhacht.