Lúcás 11:47-54 ABN

47 Is mairg daoibh, mar go dtógann sibh tuamaí na bhfáithe agus gurbh iad bhur n-aithreacha a mharaigh iad! 48 Sin mar is finnéithe sibh agus mar a thugann sibh toil do bhearta bhur n-aithreacha, óir rinne siad siúd iad a mharú, agus déanann sibhse an tógáil. 49 Agus sin é an fáth a ndúirt Eagna Dé: ‘Cuirfidh mé fáithe agus aspail chucu, agus déanfaidh siad cuid acu a mharú agus a ghéarleanúint,’ 50 ionas go n-éileofar ar an nglúin seo fuil na bhfáithe uile a doirteadh ó thúsú an domhain, 51 ó fhuil Áibil go dtí fuil Zachairias a cuireadh chun báis idir an altóir agus an sanctóir: sea, deirim libh, éileofar ar an nglúin seo í. 52 Is mairg daoibh, dlíodoirí, óir rug sibh libh eochair an eolais; ní dheachaigh sibh féin isteach, agus iad seo a bhí ag dul isteach, chuir sibh cosc leo.

53 Agus ar dhul amach as sin dó, thosaigh na scríobhaithe agus na Fairisínigh ag cothú na mioscaise chuige thar fóir agus á shaighdeadh chun cainte faoi iomad nithe, 54 iad in oirchill air chun greim a fháil ar fhocal éigin as a bhéal.