Lúcás 11:5-13 ABN
5Agus dúirt sé leo, “Má bhíonn duine agaibh agus cara aige, agus go rachaidh sé chuige i lár na hoíche á rá leis: ‘A chara, tabhair trí builíní ar iasacht dom, 6óir tá cara dom tagtha chun mo thí as a bhóthar agus níl dada agam a chuirfinn os a chomhair’; 7agus go ndéarfaidh an fear istigh á fhreagairt: ‘Ná bí do mo bhuaireamh, óir tá an doras dúnta anois agus mo chlann is mé féin sa leaba, ní féidir dom éirí chun iad a thabhairt duit’;— 8deirim libh, ach mura n-éirí sé agus iad a thabhairt dó de chionn gur cara dó é, mar sin féin, de chionn a mhínáirí atá sé, éireoidh agus tabharfaidh dó oiread is a bhíonn de dhíth air.
9 Agus deirim libh, iarraigí, agus tabharfar daoibh; lorgaigí, agus gheobhaidh sibh; buailigí, agus osclófar daoibh. 10 Óir gach aon duine a iarrann, glacann, agus an té a lorgann, faigheann, agus an té a bhuaileann, osclófar dó. 11 Cé hé an t-athair in bhur measc go n-iarrfaidh a mhac arán air, agus ar cloch a shínfidh sé chuige? Nó más iasc, a iarrann, an nathair nimhe a shínfidh sé chuige in ionad éisc? 12 Nó fós má iarrann ubh, an sínfidh sé scairp chuige? 13 Dá bhrí sin, más eol daoibhse atá go holc nithe maithe a thabhairt do bhur gclann, nach móide go dtabharfaidh an tAthair ó neamh an Spiorad Naomh dóibh seo a iarrann air é?
“Copyright © 2021 National Council of Churches of Christ in the United States of America. Used by permission. All rights reserved worldwide.”
Machnamh on Lúcás 11:5-13 ABN
Inspioráid - 2025-10-09 Paidir Laethúil
Éisteann Dia le gach paidir, agus aimseoidh iad siúd a leanann orthu ag cuardach É. Ba mhaith le Dia go n-aimseoimis é, mar sin níor cheart go mbeadh sé seo ró-dheacair dóibh siúd a bhfuil creideamh acu. Tá a fhios ag Dia go bhfuil an bronntanas seo de dhíth orainn, agus ní dhiúltóidh sé riamh dóibh siúd a iarrann é. Mar sin, mar a scríobh an tSiúr Wendy Becket, ‘Iarr é agus ansin téigh agus mair é.’ Guímid ar son grásta na buanseasmhachta agus ar son muiníne níos mó.