Lúcás 12:54-59 ABN

54 Dúirt sé leis na sluaite freisin, “Nuair a fheiceann sibh scamall ag éirí san iarthar, deir sibh láithreach, ‘Tá báisteach chugainn,’ agus is amhlaidh a bhíonn; 55 agus nuair a shéideann sé aneas, deir sibh: ‘Beidh teas ann,’ agus bíonn. 56 A bhréagchráifeacha, tá a fhios agaibh conas dreach na talún agus na spéire a léamh, ach cad a bheir daoibh gan an t-am seo i láthair a léamh?

57 Cad chuige nach dtugann sibh breith, uaibh féin, faoin rud is cóir a dhéanamh? 58 Mar sin, nuair a bhíonn tú ag imeacht le fear do chúisithe i láthair an phrionsa, déan do dhícheall, agus tú sa bhóthar, ar bheith réidh leis, le heagla go dtarraingeodh sé os comhair an bhreithimh tú agus go dtabharfadh an breitheamh ar láimh don sirriam tú agus go dteilgfeadh an sirriam i bpríosún tú. 59 Deirim leat, ní thiocfaidh tú amach as sin nó go mbeidh an leathfheoirling dheireanach íoctha agat.


Machnamh on Lúcás 12:54-59 ABN

Inspioráid - 2025-10-24 Paidir Laethúil

Is minic a chuir an Pápa Proinsias béim ar an tábhacht a bhaineann le toil Dé a aithint dúinn. Ní mór dúinn comharthaí na haimsire a léamh. Leis an raidhse faisnéise atá ar fáil ó na meáin chumarsáide nua-aimseartha, tá a lán eolais againn faoi na rudaí atá ag tarlú inár ndomhan. Feicimid domhan ina bhfuil beagán síochána ann agus ina bhfuil go leor saolta stróicthe ag cogaí agus ag achrann. I bhfianaise an tSoiscéil, conas a léirmhíním comharthaí na haimsire, agus conas a mheasaim cad é an rud ceart dom a dhéanamh? Guímid ar son eagna agus buanseasmhachta.