Lúcás 13:22-30 ABN
22 Bhí sé ag gabháil trí chathracha agus trí bhailte ag teagasc, ar a bhóthar dó go Iarúsailéim. 23 Dúirt duine éigin leis: “A Thiarna, an ea nach mbíonn slánaithe ach an beagán?” Dúirt sé leo: 24 “Déanaigí lándícheall ar dhul isteach tríd an doras cúng, óir beidh mórán, deirim libh, ag iarraidh dul isteach agus ní fhéadfaidh siad é 25 Tar éis d’fhear an tí éirí agus an doras a dhúnadh, agus go dtosóidh sibhse, in bhur seasamh amuigh, ag bualadh an dorais ag rá: ‘A Thiarna, oscail dúinn!’ déarfaidh seisean libh do bhur bhfreagairt: ‘Níl a fhios agam cad as daoibh!’ 26 Beidh sibh á rá ansin: ‘Bhímis ag ithe agus ag ól i do láthair, agus is inár sráideanna a rinne tú teagasc.’ 27 Ach déarfaidh sé: ‘Deirim libh, níl a fhios agam cad as daoibh. Beirigí uaim, sibhse uile a dhéanann an éagóir!’ 28 Is ann a bheidh an gol agus an díoscán fiacal, nuair a fheicfidh sibh Abrahám agus Íosác agus Iacób agus na fáithe uile i ríocht Dé agus gur tiomáineadh sibh féin amach. 29 Agus tiocfaidh siad anoir is aniar ann, aduaidh is aneas, agus beidh siad ina suí chun boird i ríocht Dé. 30 Agus féach, tá daoine ar deireadh a bheidh ar tosach, agus tá daoine ar tosach a bheidh ar deireadh!”
“Copyright © 2021 National Council of Churches of Christ in the United States of America. Used by permission. All rights reserved worldwide.”
Machnamh on Lúcás 13:22-30 ABN
Inspioráid - 2025-10-29 Paidir Laethúil
Tugann ár dTiarna cuireadh dúinn teacht ar eolas pearsanta air agus bheith ina chara aige. Dúirt Naomh Mairgréad Máire Alacoque gur chuir an Tiarna síos ar Naomh Claude de la Colombière di uair amháin mar ‘a chara foirfe’. Nach uafásach a bheadh sé dá ndéarfadh sé linn, nuair a bhuailfimid leis an Tiarna mar a dhéanaimid uile ag an mbás, ‘Níl a fhios agam cá as a dtagann sibh; imigh uaim.’