Lúcás 1:39-56 ABN

39Chuir Muire chun bóthair sna laethanta sin agus d’imigh go deifreach faoi dhéin na gcnoc go dtí cathair in Iúdá, 40agus chuaigh isteach i dteach Zachairias agus bheannaigh d’Eiliosaibeit. 41Agus tharla, nuair a chuala Eiliosaibeit beannachadh Mhuire, gur bhíog an naíonán ina broinn, agus líonadh Eiliosalbeit den Spiorad Naomh, 42agus d’éigh sí de ghlór ard agus dúirt: “Is beannaithe tú idir mná, agus is beannaithe toradh do bhroinne. 43Agus conas a tharla seo domsa, máthair mo Thiarna a theacht chugam? 44Óir féach, nuair a chuaigh glór do bheannachtha i mo chluasa, bhíog an naíonán i mo bhroinn le háthas. 45Agus is méanar di seo a chreid go gcomhlíonfaí na nithe a dúradh léi ón Tiarna.”

46Agus dúirt Muire,

“Mórann m’anam an Tiarna,

47agus rinne mo spiorad gairdeas i nDia mo Shlánaitheoir. 48Óir dhearc sé le fabhar ar ísle a bhanóglaigh; mar féach, déarfaidh na glúine uile feasta gur méanar dom. 49Óir rinne an Té atá cumhachtach nithe móra dom agus is naofa a ainm, 50agus tá a thrócaire ó ghlúin go glúin dóibh seo ar a mbíonn a eagla. 51Thaispeáin sé neart a láimhe: scaip sé an dream a bhí uaibhreach i smaointe a gcroí. 52Leag sé prionsaí óna gcathaoireacha, agus d’ardaigh sé daoine ísle; 53Líon sé lucht an ocrais le nithe maithe, agus chuir sé na saibhre uaidh folamh. 54D’fhóir sé ar Iosrael a sheirbhíseach, ag cuimhneamh dó ar a thrócaire – 55de réir mar gheall sé dar n‑aithreacha – d’Abrahám agus dá shliocht go brách.”

56D’fhan Muire aici timpeall trí mhí, agus d’fhill abhaile.