Lúcás 14:1-6 ABN

1 Nuair a chuaigh sé ag caitheamh a choda lá sabóide i dteach dhuine de chinn urra na bhFairísineach, iad seo a bhí ann, bhí siad ag faire go géar air. 2 Agus bhí, os a chomhair amach, fear a raibh íorpais air. 3 Labhair Íosa leis na dlíodóirí agus leis na Fairisínigh: “An dleathach leigheas a dhéanamh lá saboide,” ar sé, “nó an mídhleathach?” 4 Ach d’fhan siad ina dtost. Thóg sé é agus leigheas é agus scaoil uaidh é. 5 Agus dúirt sé leo: “An bhfuil aon duine agaibh a dtitfidh a mhac nó a dhamh sa tobar agus nach dtarraingeoidh amach láithreach é lá na sabóide?” 6 Agus níorbh fhéidir dóibh freagra a thabhairt ar an méid sin.