Lúcás 14:1,7-14 ABN

1 Nuair a chuaigh sé ag caitheamh a choda lá sabóide i dteach dhuine de chinn urra na bhFairísineach, iad seo a bhí ann, bhí siad ag faire go géar air.

7 Dúirt sé parabal leo siúd a fuair an cuireadh, ar a shonrú dó mar a thoghaidís na chéad áiteanna; dúirt sé leo: 8 “Nuair a thabharfaidh duine éigin cuireadh chun bainise duit, ná téigh i do luí sa chéad áit, le heagla go mbeadh cuireadh ag duine eile uaidh ba mhó le rá ná thú, 9 agus go dtiocfaidh an té a thug an cuireadh duit féin agus dó sin, á rá leat: ‘Tabhair áit dó seo,’ agus go gcaithfeá ansin agus ceann faoi ort an áit is ísle a ghabháil. 10 Ach nuair a gheobhaidh tú cuireadh, tar agus lig fút san áit is ísle, sa chaoi, nuair a thiocfaidh an té a thug an cuireadh duit, go ndéarfaidh sé leat: ‘A chara, gabh níos faide suas’; ansin beidh onóir ann duit i láthair chách a bhíonn ag bord leat. 11 Óir gach aon duine a ardaíonn é féin, ísleofar é, agus an té a íslíonn é féin, ardófar é.”

12 Dúirt sé freisin leis an té a thug an cuireadh dó: “Nuair a bhíonn meán lae nó dinnéar á thabhairt agat, ná cuir gairm ar do chairde ná ar do bhráithre ná ar do ghaolta ná ar do chomharsana saibhre, le heagla go dtabharfaidís sin cuireadh duitse ar a seal agus go ndíolfaí an comhar leat. 13 Ach nuair a bhíonn fleá agat á tabhairt, tabhair cuireadh do bhoicht, do mhairtínigh, do bhacaigh, do dhaill; 14 agus beidh sonas ort, de bhrí nach bhfuil teacht acu ar é a chúiteamh leat; óir cúiteofar leat é in aiséirí na bhfíréan.”


Machnamh on Lúcás 14:1,7-14 ABN

Inspioráid - 2025-08-31 Paidir Laethúil

An té is mó agaibh, ní foláir dó bheith ina sheirbhíseach do chách. ‘Níor tháinig Mac an Duine le go ndéanfaí freastal air ach le freastal agus a bheatha a thabhairt mar fhuascailt ar son mórán.’ An bhfuilim ag iarraidh onóir a fháil ó dhaoine seachas ó Dhia? Beidh tuairimí daoine fúinn éagsúil i gcónaí, agus, sa deireadh, níl aon tábhacht leo ar chor ar bith.

‘A Thiarna, múin dom a bheith flaithiúil, tabhairt agus gan an costas a chomhaireamh, troid agus gan aird a thabhairt ar na créachtaí, saothrú agus gan aon luach saothair a lorg ach amháin a fhios a bheith agam go ndéanaim do thoil’ (Naomh Iognáid).