Lúcás 14:25-33 ABN
25 Bhí sluaite móra á thionlacan, agus d’iompaigh sé agus dúirt leo: 26 “Má thagann aon duine chugam agus gan fuath a bheith aige dá athair agus dá mháthair agus dá bhean agus dá chlann agus dá dheartháireacha agus dá dheirfiúracha, agus fiú amháin dá anam féin, ní féidir dó bheith ina dheisceabal agam. 27 Cibé nach ndéanann a chros a iompar agus teacht i mo dhiaidh, ní féidir dó bheith ina dheisceabal agam. 28 Óir cé agaibh arb áil leis túr a thógáil, nach suífidh síos ar dtús agus an costas a mheas, féachaint an acmhainn dó é a chríochnú? 29 Le heagla, tar éis dó bonn a leagan agus gan air a chumas é a thabhairt chun críche, go dtosódh an lucht féachana ag fonóid faoi á rá: 30 ‘Thosaigh an duine seo ag tógáil agus níor chumas dó é thabhairt chun críche!’ 31 Nó cén rí, agus é ag dul i ngleic cogaidh le rí eile, nach suífidh síos ar dtús ag déanamh comhairle, féachaint an bhféadfaidh sé dul, líon deich míle, faoina dhéin siúd atá ag déanamh air agus fiche míle aige? 32 Agus mura bhféadann, le linn dó siúd bheith i bhfad uaidh, cuireann sé teachtaí chuige ag iarraidh coinníollacha síochána. 33 A dhála sin díreach, gach duine agaibhse nach dtréigeann a mhaoin uile ní féidir dó bheith ina dheisceabal agam.
“Copyright © 2021 National Council of Churches of Christ in the United States of America. Used by permission. All rights reserved worldwide.”
Machnamh on Lúcás 14:25-33 ABN
Inspioráid - 2025-11-05 Paidir Laethúil
Ar an gcéad amharc, d’fhéadfadh sé seo a bheith cosúil le sliocht soiscéil an-gharbh, ach níor cheart na sleachta seo a ghlacadh ar leithligh ón gcuid eile den Soiscéal, agus is cinnte nár cheart iad a ghlacadh go litriúil. Dúirt Íosa linn daoine eile a ghrá, gan fuath a bheith againn dóibh. Ba chuid den pheideagógaíocht Ghiúdach é áibhéil a dhéanamh ar mhaithe le béim. Caithfidh Dia agus ríocht Dé teacht i gcónaí ar dtús inár saol, agus is féidir le ceangal le rudaí ábhartha teacht idir sinn féin agus Dia. Guímid ar son breithiúnais cheart agus scaradh cuí ó rudaí an tsaoil.