Lúcás 1:46-56 ABN

46Agus dúirt Muire,

“Mórann m’anam an Tiarna,

47agus rinne mo spiorad gairdeas i nDia mo Shlánaitheoir. 48 óir dhearc sé le fabhar ar ísle a bhanóglaigh;
mar féach, déarfaidh na glúine uile feasta gur méanar dom. 49 óir rinne an Té atá cumhachtach nithe móra dom
agus is naofa a ainm; 50 agus tá a thrócaire ó ghlúin go glúin
dóibh seo ar a mbíonn a eagla. 51 Thaispeáin sé neart a láimhe:
scaip sé an dream a bhí uaibhreach i smaointe a gcroí. 52 Leag sé prionsaí óna gcathaoireacha,
agus dʼardaigh sé daoine ísle; 53 Líon sé lucht an ocrais le nithe maithe,
agus chuir sé na saibhre uaidh folamh. 54 Dʼfhóir sé ar Iosrael a sheirbhíseach,
ag cuimhneamh dó ar a thrócaire– 55 de réir mar gheall sé dar n‑aithreacha
– dʼAbrahám agus dá shliocht go brách.”

56D’fhan Muire aici timpeall trí mhí, agus d’fhill abhaile.


Machnamh on Lúcás 1:46-56 ABN

Inspioráid - 2025-12-22 Paidir Laethúil

Luann Naomh Iognáid go rialta ina Chleachtaí Spioradálta gur cheap sé gur bhain sé an-tairbhe as dul chuig Muire Mháthair ar dtús agus iarraidh uirthi gníomhú mar idirghabhálaí aige maidir le cibé fabhar a bhí á lorg aige le linn a chuid paidreacha. Ní fheictear Muire rómhinic sa Bhíobla, ach aon uair a fheictear, is gnách go mbíonn éifeacht an-suntasach aici. Uaireanta, mar a bhí ag an bhféasta bainise i gCána, ní bhíonn cuma lárnach ar a cuid ionchuir agus gníomhaíochta. Ní thugann tú faoi deara ach amháin ar an dara nó an tríú léamh go mbíonn tionchar ollmhór ag a caidreamh lena mac, agus tráthúlacht agus gaois a hidirghabhála, ar an toradh.