Lúcás 1:5-25 ABN
5 Bhí, i laethanta Héaróid, rí Iúdáia, sagart darbh ainm Zachairias, de shealaíocht Aibia, agus bean aige dʼiníonra Árón, agus Eiliosaibeit ab ainm di. 6 Bhí siad araon fíréanta i bhfianaise Dé, ag tabhairt a saoil gan locht de réir uile aitheanta agus reachta an Tiarna. 7Agus ní raibh aon chlann acu, mar bhí Eiliosaibeit aimrid, agus bhí siad araon anonn i mblianta.
8 Tharla, agus é ag déanamh a ghnó sagairt i láthair Dé, in uain a shealaíochta, 9 gur thit ar a chrann, de réir ghnás na sagartóide, dul isteach i sanctóir an Tiarna chun túis a dhó; 10 agus bhí cuallacht iomlán an phobail amuigh ag guí in am na túise. 11Chonacthas dó aingeal ón Tiarna ina sheasamh ar dheis altóir na túise. 12 Agus nuair a chonaic Zachairias é, bhí sé buartha agus tháinig uamhan air..
21Bhí an pobal ag feitheamh le Zachairias agus ba ionadh leo é bheith ag déanamh moille sa sanctóir. 22 Ach ar theacht amach dó, ní fhéadfadh sé labhairt leo, agus bhí a fhios acu go raibh fís feicthe sa sanctóir aige. Agus bhí sé ag sméideadh orthu, agus dʼfhan balbh. 23 Nuair a bhí laethanta a sheirbhíse críochnaithe, chuaigh sé abhaile.
24 Agus ina dhiaidh sin, ghabh a bhean, Eiliosaibeit, gin, agus dʼfholaigh í féin ar feadh cúig mhí, ag rá: 25“Is mar seo a rinne an Tiarna liom é sna laethanta inar dhearc sé orm chun mʼaithis i measc daoine a thógáil díom.”
“Copyright © 2021 National Council of Churches of Christ in the United States of America. Used by permission. All rights reserved worldwide.”