Lúcás 18:35-43 ABN

35 Bhí, agus é ag teacht i ngar do Ireachó, dall ina shuí le hais an bhóthair ag iarraidh déirce. 36 Nuair a chuala sé an slua ag gabháil thairis, dʼfhiafraigh sé cad é a bhí ar bun. 37 Dúradh leis: “Tá Íosa an Nazórach ag dul thar bráid.” 38 Agus dʼéigh sé amach: “A Íosa, a mhic Dháiví, bíodh trua agat dom!” 39 Agus iad seo a bhí i dtosach an tslua, bhí siad ag bagairt air bheith ina thost, ach bʼamhlaidh ba mhóide a bhí seisean ag screadach: “A Mhic Dháiví bíodh trua agat dom!” 40 Stad Íosa dá shiúl, agus dʼordaigh é sheoladh chuige. Ar theacht dó ina ghar dʼfhiafraigh sé de: 41 “Cad ab áil leat mé a dhéanamh duit?” Dúirt seisean: “A Thiarna, mo radharc a bheith agam!” 42 Dúirt Íosa leis: “Bíodh do radharc agat: shlánaigh do chreideamh tú.” 43 Agus tháinig a radharc dó láithreach, agus lean sé é ag glóiriú Dé. Ar a fheiceáil sin don phobal uile, thug siad moladh do Dhia.