Lúcás 18:9-14 ABN

9 Labhair sé an parabal seo freisin chun daoine áirithe a bhí teann astu féin bheith fíréanta, agus gur bheag orthu cách eile: 10 “Chuaigh beirt fhear suas don Teampall ag guí; Fairisíneach duine acu agus poibleacánach an duine eile. 11 Rinne an Fairisíneach, agus é go ceannard, guí mar seo leis féin: ‘A Dhia, tugaim a bhuíochas duit nach bhfuilim ar nós cách eile, atá ina sladaithe, ina lucht éagóra, ina n-adhaltranaigh, ná fiú amháin ar nós an phoibleacánaigh úd. 12 Déanaim troscadh dhá uair sa tseachtain, íocaim na deachúna ar gach ní dá bhfaighim.’ 13 Ach sheas an poibleacánach i bhfad siar, agus níorbh áil leis fiú amháin a shúile a ardú chun na bhflaitheas, ach é ag bualadh a uchta, ag rá: ‘A Dhia, glac trua dom, an peacach.’ 14 Deirim libh, chuaigh sé seo síos abhaile fíréanaithe, ní ionann is é siúd. Óir gach aon duine a ardaíonn é féin, ísleofar é, agus an té a íslíonn é féin ardófar é.”


Machnamh on Lúcás 18:9-14 ABN

Inspioráid - 2026-03-14 Paidir Laethúil

Chuaigh beirt fhear suas go dtí an teampall le guí. Tháinig duine acu ar ais gan aon bhronntanas soiléir a bheith tugtha dó, ach d’fhill an duine eile ar a theach le mothú buíochais ina chroí. Má fuair an bheirt torthaí difriúla óna gcuairteanna, cén chaoi a raibh a gcur chuige difriúil? Conas is féidir leis an scéal an chaoi a ndéanaim féin cur chuige maidir le guí a athrú?