Lúcás 19:11-28 ABN

11 Ag éisteacht dóibh leis an méid sin, lean sé air agus labhair parabal, de bhrí go raibh sé i ngar do Iarúsailéim agus gur síleadh dóibh ríocht Dé a bheith le taibhsiú láithreach. 12 Uime sin a dúirt: “Chuaigh duine de threibh uasal go tír i gcéin chun céim ríoga a bhaint amach dó féin agus filleadh ansin. 13 Ghlaoigh sé ar dheichniúr dá sheirbhísigh agus thug dóibh deich míoná agus dúirt leo: ‘Bígí i mbun gnó go dtaga mé.’’ 14 Ach bhí fuath ag a chomhthírigh dó, agus chuir siad teachtaí ina dhiaidh chun a rá: ‘Ní áil linn é seo a bheith ina rí orainn.’ 15 Ach ar a theacht ar ais i dtráth agus an chéim ríoga bainte amach aige, dʼordaigh sé fios a chur ar na seirbhísigh úd chuige a raibh an t‑airgead tugtha aige dóibh, chun go mbeadh a fhios aige cad a bhí de bharr a ngnó acu faoi seach. 16 Tháinig an chéad duine i láthair agus dúirt: ‘A thiarna, ghnóthaigh do mhíoná deich míoná.’ 17 Dúirt sé leis: ‘Is maith sin, a dhea-sheirbhísigh; de bhrí go raibh tú iontaofa faoin mbeagán, bíodh forlámhas agat ar dheich gcathair.”
18 Tháinig an dara duine agus dúirt: ‘Rinne do mhíoná cúig mhíoná, a thiarna.’ 19 Dúirt sé leis sin chomh maith: ‘Tusa mar an gcéanna, bí i gceannas ar chúig chathair.’’ 20 Ach tháinig an duine eile agus dúirt: ‘A thiarna, seo duit do mhíoná; bhí sé i gcoimeád agam i naipcín. 21 óir bhí eagla orm romhat, de bhrí gur duine dian tú; glacann tú chugat an rud nár chuir tú i dtaisce agus baineann tú an fómhar nár chuir tú a shíol.’
22 Dúirt sé leis: ‘Tabharfaidh mé breith do bhéil féin ort, a dhroch-sheirbhísigh! Bhí a fhios agat, an raibh, gur duine dian mé, ag glacadh chugam an rud nár chuir mé i dtaisce, agus ag baint an fhómhair nár chuir mé a shíol? 23 Cad chuige más ea nár chuir tú mo chuid airgid ar gaimbín? Agus nuair a thiocfainn, dhéanfainn é éileamh le hús.’ 24 Agus dúirt sé leo seo a bhí i láthair: ‘Bainigí de an míoná, agus tugaigí é dó seo a bhfuil na deich míoná aige.’ 25 ‘Ach, a thiarna,’ ar siad sin leis, ‘tá deich míoná aigesean.’ 26 ‘Deirim libh, gach aon duine a mbíonn aige, tabharfar dó, ach an té nach mbíonn aige, bainfear de fiú amháin a mbíonn aige. 27 Ach na naimhde úd agam nárbh áil leo mé bheith i mo rí orthu, seolaigí i leith iad agus déanaigí iad a choscairt i mo láthair.’ ”

28 Nuair a bhí an méid sin ráite aige, ghluais sé roimhe ag dul suas go Iarúsailéim.


Machnamh on Lúcás 19:11-28 ABN

Inspioráid - 2025-11-19 Paidir Laethúil

Tá cúrám rud éigin an-luachmhar curtha orainn uile, eadhon, saol daonna agus anam neamhbhásmhar. Ní bhíonn againn ach deis amháin, saol amháin, gearr nó fada, chun aire cheart a thabhairt dóibh. Tugtar ár mbuanna agus ár dtalann daonna go saor ar mhaithe linn féin agus le leas na ndaoine uile a mbuailimid leo. Guímis le buíochas as na buanna seo agus ansin as an ngrásta chun iad a úsáid go maith dúinn féin agus do dhaoine eile.