Lucas 19:41-44 ABN

41Nuair a tháinig sé i ngar don chathair agus radharc aige uirthi, ghoil sé mar gheall uirthi, 42 ag rá: “Dá mbeadh a fhios agatsa freisin, sa lá seo, na nithe atá de dhíth chun síochána! ach is amhlaidh atá siad i bhfolach ó do shúile. 43 Óir béarfaidh na laethanta ort nuair a chuirfidh do naimhde páil léigir umat, nuair a thimpeallóidh siad tú agus cúngrach a dhéanamh ort ó gach taobh; 44 nuair a bhascfaidh siad ar lár thú féin agus do chlann atá ionat, gan cloch ar mhuin cloiche a fhagáil ionat, de bhrí nár aithin tú aimsir dʼfhiosraithe.” ,


Machnamh on Lucas 19:41-44 ABN

Inspioráid - 2025-11-20 Paidir Laethúil

‘Á, dá n‑eistfeadh sibh inniu lena ghlór: Ná cruaigí bhur gcroí ‘ (Salm 94). I mí seo na Shamhna, guímid go háirithe ar son ár mairbh agus machnaímid ar ár ndeireadh féin. Tá go leor daoine inár bpríosúin a bhfuil aiféala orthu faoi ghníomhartha agus faoi chinntí san am atá thart agus ar bhreá leo iad a iompú ar ais.

Agus muid ag féachaint siar, an bhfuil amanna ann nár aithin muid cuairt Dé inár saol agus inár n-amanna, go fiú gur chualamar a ghlór ach nár thugamar aird air? Guímis go n-úsáidfimid an t-am agus na deiseanna atá fágtha againn go maith.