Lúcás 19:45-48 ABN
45 Ansin ar dhul isteach sa Teampall dó, thosaigh sé ag tiomáint na ndíoltóirí amach, 46 ag rá leo: “Tá scríofa: ‘Beidh mo theach ina theach urnaithe’; ach tá uaimh robálaithe déanta agaibhse de.”
47 Bhíodh sé ag teagasc gach lá sa Teampall. Bhí uachtaráin na sagart agus na scríobhaithe ag iarraidh é a mhilleadh, agus cinn an phobail chomh maith; 48 ach ní raibh a fhios acu cad a dhéanfaidís, óir bhí an pobal uile ar bís ag éisteacht leis.
“Copyright © 2021 National Council of Churches of Christ in the United States of America. Used by permission. All rights reserved worldwide.”