Lúcás 20:27-40 ABN
27 Tháinig chuige ansin cuid de na Sadúcaigh–iad seo a shéanann aiséirí a bheith ann– 28 agus chuir siad ceist air: “A Mháistir,” ar siad, “seo mar a dʼordaigh Maois dúinn sa scríbhinn: ‘Má bhíonn ag duine deartháir pósta a gheobhadh bás gan chlann, é féin a ghabháil na baintrí chun gin sleachta a thógáil dá dheartháir.’ 29 Sea: bhí seachtar dearthár ann: phós an chéad duine agus fuair bás gan chlann. 30 An an dara duine ansin 31 agus an tríú duine, ghabh siad an bhaintreach, agus an seachtar ar fad mar an gcéanna; níor fhág siad sliocht agus fuair bás. 32 Sa deireadh fuair an bhean féin bás. 33 San aiséirí, más ea, cé acu a mbeidh an bhean ina bean chéile aige? Óir bhí sí ina bean chéile ag an seachtar.”
34 Dúirt Íosa leo: “Gabhann clann an tsaoil seo fear céile nó bean chéile, 35 ach iad seo a mheasfar gur fiú iad an saol úd eile a shroicheadh agus an aiséirí ó mhairbh, ní ghabhann siad fear céile ná bean chéile; 36 óir ní fhéadann siad bás a fháil níos mó, mar is geall le haingil iad; agus is clann iad do Dhia ós clann iad don aiséirí. 37 Ach thug Maois féin le tuiscint na mairbh a éirí, sa dréacht úd faoin tor, mar a dtugann ar an Tiarna, Dia Abrahám agus Dia Íosác agus Dia Iacóib. 38 Ní hé Dia na marbh é, ach na mbeo; óir is dó is beo cách.” 39 Dúirt cuid de na scríobhaithe á fhreagairt: “A Mháistir, is maith a dúirt tú é!” 40 Óir níor leomh siad as sin amach ceist ar bith a chur air.
“Copyright © 2021 National Council of Churches of Christ in the United States of America. Used by permission. All rights reserved worldwide.”
Machnamh on Lúcás 20:27-40 ABN
Inspioráid - 2025-11-22 Paidir Laethúil
Is léir gur críoch an phósta agus an giniúint leanaí go leanfaidh gcine daonna ar talamh. Faigheann daoine bás. Ní hamhlaidh atá ar neamh. Bainfidh clann an aiséirí taitneamh as síoraíocht áthais agus sonais.
Gabhaimid buíochas leis an Tiarna as gach a bhfuil buaite aige dúinn lena shaol, lena bhás agus lena aiséirí.