Lúcás 21:1-4 ABN
1 Ag breathnú suas dó, chonaic sé na daoine saibhre ag cur a n‑ofrálacha isteach sa chiste; 2 Agus chonaic sé baintreach dhealbh ag cur dhá leathfheoirling ann, 3 agus dúirt: “Deirim libh go dearfa, chuir an bhaintreach bhocht seo níos mó isteach ná cách eile; 4 óir is cuid den iomarca a bhí acu a chuir siad siúd uile isteach sna hofrálacha chun Dé, ach chuir sise isteach as a huireasa a raibh den saol aici.”
“Copyright © 2021 National Council of Churches of Christ in the United States of America. Used by permission. All rights reserved worldwide.”