Lúcás 21:20-28 ABN
20 “Ach nuair a fheicfidh sibh Iarúsailéim arna timpeallú ag sluaite armtha, bíodh a fhios agaibh ansin go bhfuil a lomscrios in achmaireacht, 21 Ansin, iad seo a bheidh in Iúdáia, teithidís faoi na sléibhte; iad seo a bheidh sa chathair, imídís aisti; iad seo a bheidh ar an tuath, ná téidís isteach inti; 22 óir is laethanta díoltais iad seo, nuair nach foláir gach a bhfuil scríofa a chomhlíonadh. 23 Is mairg do na mná a bheidh ag iompar clainne nó ag tabhairt cíche sna laethanta sin! Go deimhin, beidh éigean mór sa tír agus díbheirg chun an phobail seo; 24 titfidh siad e béal an chlaímh; seolfar ina mbránna iad ar fud na náisiún uile; agus beidh Iarúsailéim á satailt ag gintlithe nó go dtiocfaidh aimsirí na ngintlithe chun críche.
25 “Agus beidh comharthaí sa ghrian agus sa ghealach agus sna réaltaí. Ar an talamh beidh duainéis ar na náisiúin, iad ar mearbhall ó ghlór agus ó mhórtas na farraige; 26 daoine i bhfantaisí éaga le barr eagla agus imní faoi na nithe atá le breith ar an gcruinne; óir beidh cumhachtaí na bhflaitheas ar crith. 27 Agus ansin feicfear Mac an Duine ag teacht sa scamall le cumhacht agus iomad glóire. 28 Nuair a thosóidh na nithe sin ag teacht, seasaígí suas agus ardaígí bhur gceann, óir tá bhur bhfuascailt in achmaireacht.” ,
“Copyright © 2021 National Council of Churches of Christ in the United States of America. Used by permission. All rights reserved worldwide.”
Machnamh on Lúcás 21:20-28 ABN
Inspioráid - 2025-11-27 Paidir Laethúil
Ní mór go gcomhlíonfar na tairngreachtaí sna scrioptúir, agus i n-am tráth, tiocfaidh gach rud i gcrích. Laistigh de dhaichead bliain, tháinig an rud a thuar Íosa anseo i gcrích. Tabharfaidh Dia, arb é an an Neach is Airde é, agus é uilechumhachtach, i gcrích gach a bhfuil beartaithe aige. Glacaimis an chéad leath den Ár nAthair agus, ag baint úsáide as an dara modh urnaí de chuid Naomh Iognáid, guímis é frása ar fhrása.