Lúcás 21:29-33 ABN
29 Agus labhair sé parabal leo: “Féachaigí an crann fígí agus na crainn eile. 30 Nuair a bhíonn siad ag eascar, bíonn a fhios agaibh ag féachaint orthu, go bhfuil an samhradh in achmaireacht feasta. 31 Amhlaidh sin daoibh nuair a fheicfidh sibh na nithe úd ag teacht, bíodh a fhios agaibh go bhfuil ríocht Dé in achmaireacht. 32 Deirim libh go fírinneach, ní imeoidh an ghlúin seo gan gach uile ní a bheith tagtha chun cinn. 33 Imeoidh neamh agus talamh, ach ní imeoidh mo bhriathrasa choíche.
“Copyright © 2021 National Council of Churches of Christ in the United States of America. Used by permission. All rights reserved worldwide.”