Lúcás 21:34-36 ABN
34 Ach tugaigí aire daoibh féin gan bhur gcroí a ligean chun raimhre le barr ragairne ná meisce ná cúraimí an tsaoil, le heagla go mbéarfadh an lá úd go tobann oraibh, 35 mar a bheadh gaiste. Óir is de phreib a thiocfaidh sé ar chách a bheidh ina gcónaí ar aghaidh na talún go léir. 36 Bígí gach uile thráth do bhur bhfaire féin agus ag guí chun go mbeadh ar chumas daoibh dul slán ó na nithe sin uile atá le teacht, agus seasamh díreach os comhair Mhac an Duine.”
“Copyright © 2021 National Council of Churches of Christ in the United States of America. Used by permission. All rights reserved worldwide.”