Lúcás 21:5-11 ABN
5 Nuair a bhí daoine áirithe á rá mar gheall ar an Teampall go raibh sé maisithe le clocha breátha agus le tíolaicí dúthrachta, dúirt seisean: 6 “A bhfuil le feiceáil ansin agaibh–tiocfaidh na laethanta nach bhfágfar cloch ar mhuin cloiche nach leagfar anuas.”
7 Dʼfhiafraigh siad de ansin: “Más ea, a Mháistir, cén uair a thitfidh an méid sin amach, agus cad is comhartha ar na nithe sin a bheith ag teacht?” 8 Dúirt sé: “Bígí aireach agus ná cuirtear amú sibh; óir tiocfaidh mórán i mʼainmse ag rá: ‘Is mise é’; agus, ‘Tá an t-am in achmaireacht.’ Ná téigí ina ndiaidh.
9 Nuair a chluinfidh sibh caint ar chogaí agus ar cheannaircí, ná glacaigí scéin, óir ní foláir na nithe sin a theacht ar dtús, ach ní bheidh an deireadh ann chomh luath sin.” 10 Dúirt sé leo ansin: “Éireoidh náisiún in aghaidh náisiúin agus ríocht in aghaidh ríochta. 11 Beidh maidhmeanna móra talún ann, agus gortaí agus plánna anseo is ansiúd; beidh tuartha uafáis ann agus comharthaí móra ón spéir.
“Copyright © 2021 National Council of Churches of Christ in the United States of America. Used by permission. All rights reserved worldwide.”
Machnamh on Lúcás 21:5-11 ABN
Inspioráid - 2025-11-25 Paidir Laethúil
Réamhinsíonn Íosa scrios Iarúsailéim sa bhliain 70 AD. Agus muid ag druidim le deireadh na bliana liotúirgeach, dírímid ar dheireadh an domhain. Maidir le gach duine againn, is é an t-am deiridh an tráth a bhfaighfimid bás agus a mbuailfimid le hÍosa a bhfuil gach breithiúnas tugtha dó ag an Athair. Guímis don grásta bheith réidh dár lá báis féin, agus go mbeidh sé ina chruinniú lúcháireach leis an té gurb é anois, mar a dúirt GM Hopkins ina dhán ‘The Lantern out of Doors’, ‘ár gcéad Chara, ár gCara deireanach, buan’.