Lúcás 21:5-19 ABN

5 Nuair a bhí daoine áirithe á rá mar gheall ar an Teampall go raibh sé maisithe le clocha breátha agus le tíolaicí dúthrachta, dúirt seisean: 6 “A bhfuil le feiceáil ansin agaibh–tiocfaidh na laethanta nach bhfágfar cloch ar mhuin cloiche nach leagfar anuas.”

7 Dʼfhiafraigh siad de ansin: “Más ea, a Mháistir, cén uair a thitfidh an méid sin amach, agus cad is comhartha ar na nithe sin a bheith ag teacht?” 8 Dúirt sé: “Bígí aireach agus ná cuirtear amú sibh; óir tiocfaidh mórán i mʼainmse ag rá: ‘Is mise é’; agus, ‘Tá an t-am in achmaireacht.’ Ná téigí ina ndiaidh.

9 Nuair a chluinfidh sibh caint ar chogaí agus ar cheannaircí, ná glacaigí scéin, óir ní foláir na nithe sin a theacht ar dtús, ach ní bheidh an deireadh ann chomh luath sin.” 10 Dúirt sé leo ansin: “Éireoidh náisiún in aghaidh náisiúin agus ríocht in aghaidh ríochta. 11 Beidh maidhmeanna móra talún ann, agus gortaí agus plánna anseo is ansiúd; beidh tuartha uafáis ann agus comharthaí móra ón spéir.

12 Ach roimh an méid sin uile, leagfar lámh oraibh agus géarleanfar sibh, tabharfar ar láimh sibh do na sionagóga agus do na príosúin, seolfar i láthair ríthe agus gobharnóirí sibh mar gheall ar mʼainmse. 13 Is é a thiocfaidh as sin daoibh, go bhféadfaidh sibh fianaise a thabhairt. 14 Dá bhrí sin, bíodh sé de rún agaibh gan ullmhú roimh ré chun bhur gcosanta, 15 óir tabharfaidh mé urlabhra daoibh agus eagna nach bhféadfaidh bhur gcúisitheoirí uile cur ina haghaidh ná a bhréagnú. 16 Tabharfar ar láimh sibh ag bhur dtuismitheoirí féin, fiú amháin, ag bhur ndeartháireacha, ag bhur ngaolta, ag bhur gcairde, agus básófar cuid agaibh, 17 agus beidh fuath ag cách daoibh mar gheall ar mʼainmse; 18 ach ribe de ghruaig bhur gcinn ní mhillfear. 19 Is le bhur mbuanseasamh a ghnóthóidh sibh bhur n‑anamacha.


Machnamh on Lúcás 21:5-19 ABN

Inspioráid - 2025-11-16 Paidir Laethúil

Agus beathaisnéis na mairtíreach á léamh againn, téann an misneach úrghnách lena nglacann siad lena bhfulaingt i bhfeidhm orainn. Faigheann siad grásta speisialta ó Dhia as seo. Guímis go mbeidh grásta againn chun géarleanúint a sheasamh má thagann sí agus go mbeidh grásta buanseasmhachta againn inár saol Críostaí.

I radharc an Tiarna, níl i míle bliain ach lá amháin. Tá Dia lasmuigh den am, ar tógán daonna é. Is sraith meandar atá i ngach nóiméad. Ní raibh an meandar seo ag guí le Dia ann riamh cheana, agus ní bheidh sé ann arís choíche. An féidir liom fanacht sa ‘anois’ speisialta seo le Dia, fiú ar feadh tamaill ghairid?