Lúcás 2:22-35 ABN
22 Agus nuair a bhí na laethanta caite agus iad le híonghlanadh de réir dhlí Mhaois, thug siad go Iarúsailéim é le toirbhirt don Tiarna– 23 mar ata scriofa i ndli an Tiarna: “Gach fireannach ata ina cheadghin, is rud coisricthe don Tiarna e”- 24 agus chun go n-ofrálfaidis mar íobairt, de réir a bhfuil raite i ndlí an Tiarna, “péire colm nó dhá ghearrcach colúir.”
25 Bhí fear in Iarúsailéim darbh ainm Simeon; agus bhí an fear seo fíréanta diaga, ag súil le sólás Iosrael, agus bhí an Spiorad Naomh ina luí air. 26 Agus bhí foilsiú faighte ón Spiorad Naomh aige nach bhfeicfeadh sé an bás nó go bhfeicfeadh Meisias an Tiarna. , 27 Tháinig sé, faoi luí an Spioraid, isteach sa teampall, agus le linn dá thuismitheoirí bheith ag tabhairt an linbh Íosa isteach chun go ndéanfaidís ar a shon de réir nós an dlí, 28 ghlac seisean chuige ina ucht é, agus mhol sé Dia agus dúirt:,
29 “Anois atá tú ag scaoileadh do sheirbhísigh uait, a Thiarna, de réir dʼfhocail, faoi shíocháin, 30 mar tá mo shúile tar éis do shlánú a fheiceáil 31 atá ullamh agat faoi chomhair na bpobal uile: 32 solas chun na náisiúin a shoilsiú agus glóir do phobail Iosrael.”
33 Agus bhí a athair agus a mháthair ag déanamh ionadh de na nithe a dúradh mar gheall air. 34 Agus bheannaigh Simeon iad agus dúirt le Muire a mháthair: “Feach, is dán dó seo bheith ina thrúig leagtha agus éirithe dá lán in Iosrael agus ina chomhartha a shéanfar– 35 agus gabhfaidh claíomh trí dʼanam féin–chun go bhfoilseofaí smaointe as mórán croíthe.”
“Copyright © 2021 National Council of Churches of Christ in the United States of America. Used by permission. All rights reserved worldwide.”