Lúcás 23:35-43 ABN

35 Dʼfhan an pobal ansiúd ag breathnú. Bhí na cinn urra féin ag dranngháire: “Shaor sé daoine eile,” deiridís, “saoradh sé é féin, más é Críost Dé, an té atá tofa. 36 Agus rinne na saighdiúirí freisin fonóid faoi; ag teacht ag tabhairt fínéagair chuige 37 deiridís: “Más tú Rí na nGiúdach, saor thú féin!” 38 Agus fós, bhí scríbhinn os a chionn i nGréigis, i Laidin, agus in Eabhrais: “Rí na nGiúdach é seo.”

39 Duine de na coirpigh a bhí arna gcrochadh, bhí sé á dhiamhaslú á rá: “Nach tú an Críost? Saor tú féin agus sinne.” 40 Ach thug an duine eile casaoid dó agus dúirt: “An ea nach bhfuil eagla Dé ort, agus tusa faoin daorbhreith chéanna? 41 Agus maidir linne, is le ceart é: tá díol ár mbeart féin á thabhairt orainn ach ní dhearna sé seo rud ar bith as an tslí.” 42 Agus dúirt: “A Íosa, cuimhnigh ormsa nuair a thiocfaidh tú faoi réim do ríochta!” 43 Agus dúirt seisean leis: “Deirim leat go fírinneach, beidh tú in éineacht liom inniu i bparthas.”


Machnamh on Lúcás 23:35-43 ABN

Inspioráid - 2025-11-23 Paidir Laethúil

B’fhéidir go mbeadh sé beagáinín cruálach a rá faoin gcoirpeach maith go raibh sé san áit cheart ag an am ceart, ach fuair a admháil ar neamhchiontacht Íosa agus a phaidir ó chroí le hÍosa ar son trócaire freagra láithreach. Sna cúinsí neamhghnácha seo, tugann sé sin grá agus trócaire gan teorainn ár nDia chun solais arís. Iarraimis ar Íosa cuimhneamh orainn freisin.

Bhí na daoine ina dtost, ach rinne na saighdiúirí agus duine de na coirpigh magadh faoi. Mar a léimid i Leabhar na hEagna, “Cuirimis promhadh air le cruatan agus le céasadh go bhfeicfimid an cheansacht atá ann agus go mbainfimid triail as a fhoighne.
…ach bhí dul amú orthu; chuir a n‑urchóid féin púicín ar a n‑intinn.” Guímis go mbeidh misneach againn glacadh le cibé maslaí agus magadh a thagann as ár gcreidimh a mhaireachtáil.