Lúcás 4:16-30 ABN

16 Tháinig sé go Nazará, mar ar oileadh é, agus chuaigh isteach mar ba ghnáthbhéas dó sa tsionagóg lá na sabóide, agus dʼéirigh ina sheasamh chun an léitheoireacht a dhéanamh. 17 Síneadh chuige leabhar Íseáia fáidh, agus ar oscailt an leabhair dó, fuair sé an t-ionad ina raibh scríofa:.

18 ““Tá Spiorad an Tiarna orm, mar gur choisric le hola mé. Chuir sé uaidh mé ag tabhairt an dea-scéil do na boicht, ag fógairt a scaoilte do bhránna agus aiseag a radhairc do dhaill; ag scaoileadh lucht géarbhroide saor; 19 ag fógairt bhliain ghrásta an Tiarna.”

20 D’fhill sé an leabhar ina chéile, thug ar ais don seirbhíseach é, agus shuigh. Agus bhí súile a raibh sa tsionagóg dlúite air. 21 Ansin thosaigh sé ag rá leo, “Inniu atá an scríbhinn seo comhlíonta i gclos bhur gcluas.” 22 Agus thug cách fianaise air, b’ionadh leo na briathra grástúla a bhí ag teacht as a bhéal, agus deiridís: “Nach é mac Iósaef é seo?” 23 Agus dúirt sé leo: “Gan amhras, tagróidh sibh liom an seanfhocal: ‘A lia, leighis tú féin. Na nithe a chualamar déanta i gCafarnáum, déan anseo iad freisin i do dhúiche féin.’” 24 Ach dúirt sé: “Deirim libh go fírinneach, fáidh ar bith ní ghlactar ina dhúiche féin. 25 Ach go deimhin deirim libh, bhí mórán baintreach in Iosrael i laethanta Éilias, nuair a bhí an spéir dúnta ar feadh trí mblian agus sé mhí, ionas go raibh gorta mór sa tír go léir, 26 agus ní chun aon duine acu a cuireadh Éilias ach chun mná baintrí i Saireipte i dtír na Síodóine. 27 Agus bhí mórán lobhar in Iosrael le linn Eilíseá fáidh, ach aon duine acu sin níor glanadh ach Námán an Suíreach.” 28 Agus a raibh sa tsionagóg, nuair a chuala siad an méid sin, líon siad d’fheirg, 29 agus d’éirigh siad agus thiomáin amach as an gcathair é agus sheol é go dtí mala an chnoic ar a raibh a gcathair tógtha chun é a chaitheamh le faill. 30 Ach ghabh sé trína lár agus d’imigh leis.


Machnamh on Lúcás 4:16-30 ABN

Inspioráid - 2025-09-01 Paidir Laethúil

Mhair Íosa saol lán-dhaonna, agus níor sheachain sé trialacha, díomá ná teip a bhfuilimid uilig faoi réir acu. Cé chomh maith agus a ghlacaim le díomá agus le mo theipeanna féin? Agus cé chomh maith agus a úsáidim na deiseanna a thugtar dom chun fás i muinín agus i ngrá?

Agus mé ag éisteacht le focail Íosa sna soiscéil, an nglacaim leo le creideamh, le buíochas agus le humhlaíocht? Tá an Íosa céanna a labhair sa tsionagóg sin i Nazarat liom anois i mo ghuí, rud a chiallaíonn gur féidir liom teagmháil fírinneach a dhéanamh leis i gcreideamh.